Gaeilge san Idirbhliain

Gaeilge san Idirbhliain

 

 

 

 
 
 
Díreoidh an cheardlann seo ar ról lárnach na Gaeilge san Idirbhliain.
 
Pléifear:
  • Clár na hIdirbhliana agus conas an teanga a cheiliúradh ann go héifeachtach
  • Ceardlanna agus turais a chuireann le taithí na ndaltaí
  • Deiseanna le heagraíochtaí náisiúnta, ag forbairt úsáid phraiticiúil agus sóisialta na Gaeilge
  • An Fáinne Úr mar sprioc agus mar mheán spreagtha
  • Labhairt na Gaeilge mar chroílár shaol na hIdirbhliana
Is deis í seo do mhúinteoirí smaointe nua a roinnt agus uirlisí praiticiúla a thógáil leo chun an Ghaeilge a chur i gcroílár thaithí na hIdirbhliana.
 
Torthaí foghlama - Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:
  • Clár na hIdirbhliana a shaibhriú trí dheiseanna cruthaitheacha agus spreagúla a chur ar fáil i nGaeilge.
  • Comhpháirtíochtaí agus gníomhaíochtaí a aithint le heagraíochtaí náisiúnta, ceardlanna agus turais.
  • An Fáinne Úr agus labhairt na Gaeilge a úsáid mar mheán chun neamhspleáchas agus freagracht phearsanta na ndaltaí a chothú.
Cainteoir: Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Course Properties

Course Date 18-11-2025 5:00 pm
Course End Date 18-11-2025 6:00 pm
Capacity Book now
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Select Hours 1
Location Online
Categories Post Primary

Please login or create account to register for this course