Múineadh na Gaeilge - Scrúdú na hArdteistiméireachta Gnáthleibhéal
Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí atá ag iarraidh straitéisí praiticiúla a úsáid chun tacú le daltaí ag Gnáthleibhéal.
Pléifear:
- Labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí drogallacha
- Atmaisféar taitneamhach agus dearfach a chothú sa seomra ranga
- Foclóir bunúsach a fhorbairt chun muinín a chothú
- Tábhacht an athrá mar uirlis fhoghlama agus cleachtaidh
Is deis í an cheardlann seo do mhúinteoirí cur chuige éifeachtach agus dearfach a iniúchadh chun tacú lena gcuid daltaí ag Gnáthleibhéal.
Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:
- Straitéisí a chur i bhfeidhm chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí.
- Atmaisféar dearfach agus tacúil a chothú sa seomra ranga chun rannpháirtíocht a mhéadú.
- Foclóir bunúsach agus athrá éifeachtach a úsáid chun muinín agus líofacht na ndaltaí a fhorbairt.
Cainteoir: Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.
Course Properties
|
Course Date |
04-12-2025 5:00 pm |
|
Course End Date |
04-12-2025 6:00 pm |
|
Capacity |
Book now |
|
Speaker |
Siobhán Ní Mhurchú |
|
Select Hours |
1 |
|
Location |
Online |
|
Categories |
Post Primary |