Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus foghlaim i suíomh an tumoideachais. Ag gach seisiún, beidh cur i láthair ar ábhar éigin agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách!
Ar feadh ceithre seachtaine (20 & 27 Samhain, 4 & 11 Nollaig), reáchtálfaidh Fóram Feasa sraith speisialta seisiún tacaíochta d’fhoireann múinteoirí Eolaíochta sa tSraith Shinsearach agus iad ag plé leis na sonraíochtaí nua. Cruthóidh na seisiúin seo spás sábháilte agus oscailte ina mbeidh múinteoirí in ann a gcuid taithí a roinnt, ceisteanna a chur, agus tacú lena chéile ar an aistear gairmiúil foghlama seo. Beidh na seisiúin á n-éascú ag ETBI agus COGG, agus cloíonn siad go hiomlán le mana Fhóram Feasa: “Múinteoirí ag tacú le Múinteoirí Eile.”
Topaic:
An Cheimic agus an tSonraíocht Nua don tSraith Shinsearach
Torthaí foghlama: Éireoidh le rannpháirtithe
Tugann an seisiún seo deis eagraithe do mhúinteoirí Ceimice machnamh a dhéanamh ar an tSonraíocht nua, agus plé a dhéanamh ar chur chuige pleanála, eispéiris foghlama agus measúnaithe. Beidh deis ann na cleachtais rathúla a roinnt lena chéile agus léargas a fháil ar chur chuige comhghleacaithe ar fud na tíre.

Tá an seisiún á éascú ag ETBI agus COGG trí Ionad Tacaíochta Oideachais Luimnigh, comhlíonann sé seo mana Fhóram Feasa: “Múinteoirí ag tacú le Múinteoirí Eile.”
Cainteoir: Karen Nic Aoidh - Gaelcholáiste Mhaigh Nuad
| Course Date | 04-12-2025 7:00 pm |
| Course End Date | 04-12-2025 8:00 pm |
| Capacity | Book now |
| Individual Price | Free |
| Speaker | Karen Nic Aoidh - Gaelcholáiste Mhaigh Nuad |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online |
| Categories | Post Primary |