Skip to main content
061 585060 | info@lec.ie

Fóram Feasa - Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT)

Fóram Feasa - Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT)

 

 

Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus foghlaim i suíomh an tumoideachais.  Ag gach seisiún, beidh cur i láthair leathuair a chloig ar ábhar éigin agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách!

Topaic: Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus TeangaFCÁT

Cad iad na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar? Cás-staidéar ar chur chuige déach: pleanáil agus forbairt ghairme.

Torthaí foghlama

Éireoidh le rannpháirtithe 

  • Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta 
  • Acmhainní agus nodanna a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile 
  • Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar 
  • Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt 
  • A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach 

Cainteoirí

Caitlín Ní Ruanaidh - COGG

Course Properties

Course Date 17-10-2024 6:00 pm
Course End Date 17-10-2024 7:00 pm
Capacity Book now
Individual Price Free
Speaker Caitlín Ní Ruanaidh
Select Hours 1
Location Online
Categories Post Primary

Course fully booked