Spléachadh ar Aistear Ama 3 - Leabhar staire nua sa tsraith ó Edel Ní Loinsigh

Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus foghlaim i suíomh an tumoideachais. Ag gach seisiún, beidh cur i láthair leathuair a chloig ar ábhar éigin agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách!
Faoin gceardlann:
Tabharfar spléachadh ar na topaicí atá fé chaibidil in Aistear Ama 3 agus roinnfear PDFanna de chaibidlí samplacha.
Pléifear na bileoga oibre/gnéithe de leabhar oibre atá ann mar aon leis an bhfoghlaim chomhtháite ábhair is teanga agus na hacmhainní breise
a bheidh ar fáil le hAistear Ama 3 i mbliana.
Faoin éascaitheoir/údar:
Tá Edel ag obair in earnáil an Ghaeloideachais ó 2010. Is iad Stair agus Gaeilge an dá ábhar a mhúineann sí. Tá Stair agus Gaeilge
na hArdteiste chomh maith le stair na tríú bliana aici i mbliana. Is Príomhoide Cúnta í freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, fógraíocht scoile, Comhairle na nDaltaí agus an Plean Féinmheastóireacht Scoile. Thar na blianta tá FGL tugtha aici do Chumann Múinteoirí Staire Chorcaí agus do mhúinteoirí Gaeilge. Scríobh agus léirigh sí sraith físeáin staire bunaithe ar an tSraith Shóisearach do TG4. Is comhlach Staire í le hOIDE ó 2019.
Course Properties
Course Date | 13-02-2025 6:00 pm |
Course End Date | 13-02-2025 7:00 pm |
Capacity | Book now |
Speaker | Edel Ní Loinsigh |
Select Hours | 1 |
Location | Online |
Categories | Post Primary |