Fóram Feasa - Corpoideachas
Ceardlann Sainspéise – Ceardlann iomlána ar ábhar faoi leith á stiúradh ag an áisitheoir.
Anocht: Leideanna praiticiúla don Tionscadal Gníomhaíochta Coirp agus don Mheasúnú Feidhmíochta i gCorpoideachas na hArdteiste.
Torthaí Foghlama:
Éireoidh le rannpháirtithe:
- Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
- Acmhainní agus noda a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile
- Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar
- Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
- A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach
Cainteoir: Alan Ó Finneagáin, Gaelcholáiste Luimnigh

Nóta: DÁTA DON DIALANN – 11ú agus 12ú Márta: Siompóisiam Saineolais – Oid-Ócáid (TeachMeet) ar líne do mhúinteoirí le béim ar theagasc agus ar fhoghlaim, ar cheannaireacht agus saol na scoile go ginearálta. Tuilleadh eolais le teacht!
Course Properties
| Course Date | 10-02-2026 7:00 pm |
| Course End Date | 10-02-2026 8:00 pm |
| Capacity | Book now |
| Speaker | Alan Ó Finneagáin |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online |
| Categories | Post Primary |