Skip to main content
061 585060 | info@lec.ie

Fóram Feasa Beo!

ff beo ad

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa Beo! ar siúl ar

An Satharn, 19 Meán Fómhair 2026 i gColáiste Cois Life, Leamhchán, Co. Bhaile Átha Cliath.

Teacht le chéile do mhúinteoirí ag an iar-bhunleibhéal a fheidhmíonn i suíomh lán-Ghaeilge. Beidh meascán de cheardlanna, aoi-chainteoirí, spléachadh ar acmhainní nua agus eile. 

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa agus reáchtáiltear ceardlanna i rith na bliana freisin, mar a deir an mana,

"Múinteoirí ag tacú le múinteoirí eile."  

Cuirfear fáilte roimh mhúinteoirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht agus Aonaid lán-Ghaeilge.  

Is féidir an ócáid seo a úsáid ar mhaithe le hUaireanta Pháirc an Chrócaigh.

Clúdófar costais taistil agus cuirfear soláistí ar fáil ar an lá chomh maith.

Cláraigh anseo - Fóram Feasa Beo! 19 Meán Fómhair 2026 – Fill out form

nó leis an QR Code thíos!

qrcode for foram feasa beo 19 mean fomhair 2026